Nuacht RTÉ

Feachtas ghaelscoil sa Chúlóg ar thóir foirgnimh

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Thug Gaelscoil Cholmcille sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath faoi fheachtas ar leith ar maidin in iarracht aird a tharraingt ar chás na scoile atá sa tóir ar fhoirgneamh buan. ... ar lean »   buan-nasc »

An tUachtarán le daltaí meánscoile i Sligeach

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Is seafóideach an mhaise do dhuine óg ar bith a bheith mórálach nach bhfuil acu ach teanga amháin.  Sin a dúirt an tUachtarán Michael D Higgins le daltaí meánscoile i Sligeach inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Tráthnóna ar Nuacht TG4 @ 1900

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Éiginnteacht fós ar 20% den phobal faoin tslí a vótáilfidh siad sa Reifreann faoin 8ú Leasú ar an mBunreacht. É sin agus tuilleadh ag Nuacht TG4 ag a 7. ... ar lean »   buan-nasc »

Robáil bainc i Béal na mBuillí,Co.Ros Comáin

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá na gardaí ag fiosrú eachtra robála a tharla i Béal na mBuillí, Co.Ros Comáin níos túisce tráthnóna. Tuairiscítear gur thug ceathrar armtha a raibh púicíní orthu faoi Bhanc na hÉireann ansin. ... ar lean »   buan-nasc »

400 acra sadhlais á bhaint ag Aerfort na Sionainne

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Bhí feirmeoirí an-ghnóthach ag aerpháirc Aerfort na Sionainne agus 400 acra de shadhlas á bhaint acu ansin inniu. Shocraigh bainistíocht an aerfoirt an cead sin a thabhairt d'fheirmeoirí de bharr ganntanas foráiste. ... ar lean »   buan-nasc »

Ceiliúradh ar aonad nua oideachais i scoil i mBAC

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Bhí an Taoiseach Leo Varadkar i láthair ag Coláiste Pobail Bhaile Lotrail i mBaile Átha Cliath ar maidin, áit a raibh ceiliúradh á dhéanamh ar aonad nua oideachais a hosclaíodh sa scoil sin. Coláiste na Tulchann ainm an ... ar lean »   buan-nasc »

100 oifig poist i mbaol a ndúnta

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
D'fhéadfadh sé go ndúnfaí breis is 100 oifig poist mar thoradh ar mhargadh atá déanta ag an gcomhlacht An Post le Cumann na Máistrí Poist (IPU).Baineann sé seo leis an athchóiriú ar sheirbhísí poist na tíre. ... ar lean »   buan-nasc »

€10m fógraithe do phobail faoi mhíbhuntáiste i gCo.Dhún na n

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá maoiniú de €10m fógraithe inniu ag an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh do imeallachas sóisialta agus clár gníomhaíochta pobail, do phobail faoi mhíbhuntáiste i gCo.Dhún na nGall. ... ar lean »   buan-nasc »

Tráthnóna ar Nuacht RTÉ @ 1740

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Duine as gach cúigear fós éiginnte faoin mbealach a vótálfaidh siad sa Reifreann ar an 8ú Leasú. É sin agus tuilleadh ar Nuacht RTÉ tráthnóna. ... ar lean »   buan-nasc »

Fáilte ag an Aire Eoghan Murphy roimh fhigiúirí siúd gan díd

2 lá ó shin ‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Eoghan Murphy roimh an scéala go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonns ag codladh amuigh i mBaile Átha Cliath.Léiríonn figiúirí go bhfuil laghdú 40% ar líon na ndaoine ... ar lean »   buan-nasc »