Nuacht RTÉ

'Foireann RTÉ fágtha as an dioscúrsa faoi scannail éagsúla'

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá sé ráite ag ceann de na ceardchumainn in RTÉ nár áiríodh foireann na heagraíochta go dtí seo sa dioscúrsa atá ar bun faoi na scannail éagsúla sa chraoltóir náisiúnta atá tagtha chun solais le bliain. ... ar lean »   buan-nasc »

Ráig Covid-19 in Ospidéal Ginearálta Loch Garman

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Deir an bhainistíocht in Ospidéal Ginearálta Loch Garman go bhfuil ráig den ghalar Covid-19 i gceann de na bardaí ansin. ... ar lean »   buan-nasc »

Cuairt tugtha ag an Tánaiste ar dhídeanaithe Palaistíneacha

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, cuairt ar champa do dhídeanaithe Palaistíneacha ó dheas de phríomhchathair na hIordáine, Amman, inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Jeffrey Donaldson os comhair cúirte faoi chionta gnéasacha

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tháinig iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson os comhair cúirte san Iúr i gCo an Dúin inniu agus cionta gnéasacha a bhaineann leis an am a caitheadh curtha ina leith. ... ar lean »   buan-nasc »

Iosraelaigh tosaithe ar fheachtas úr fornirt i dtuaiscart Gaza

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné. ... ar lean »   buan-nasc »

Cuairt tugtha ag an Tánaiste ar thrasbhealach Rafah

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, cuairt ar thrasbhealach Rafah ar an teorainn idir an Éigipt agus Gaza inniu le go bhfeicfeadh sé lena dhá shúil féin an chaoi a bhfuil na hIosraelaigh ag ciotaí d'oibrithe fóirithinte ann. ... ar lean »   buan-nasc »

Leithscéal gafa ag an Taoiseach le teaghlaigh an Stardust

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
I nDáil Éireann inniu, ghabh an Taoiseach Simon Harris leithscéal oifigiúil thar ceann an Stáit le teaghlaigh an 48 duine a maraíodh i dtubaiste chlub oíche an Stardust i mBaile Átha Cliath i 1981. ... ar lean »   buan-nasc »

Fear ag pleadáil ciontach in imeaglú a dhéanamh ar pholaiteoir

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu, phléadáil léirsitheoir ciontach in imeaglú a dhéanamh ar an Teachta Dála Neamhspleách as Ciarraí Michael Healy-Rae le linn "agóid achrannach" taobh amuigh de Theach Laighean anuraidh. ... ar lean »   buan-nasc »

Foireann ospidéil "i gcruachás doréitithe" an lá a d'éag cailín

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Dúirt dochtúir a bhíodh ag obair in Ospidéal Ollscoile Luimnigh go raibh rannóg éigeandála an ospidéil plódaithe le hothair agus go raibh an fhoireann "i gcruachás doréitithe" an tráthnóna a cailleadh an déagóir Aoife Johnston ann. ... ar lean »   buan-nasc »

Súil ag Gardaí an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá cás gnó á fhorbairt ag an Gharda Síochána le súil an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais i bhfianaise na ndeacrachtaí atá ann Gardaí a mhealladh chuig stáisiúin iargúlta sa Ghaeltacht agus iad a choinneáil ann. ... ar lean »   buan-nasc »