Tá sé aontaithe ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath dífheistiú a dhéanamh ó institiúidí de chuid Iosrael. Chruinnigh bainistíocht an Choláiste agus mic léinn Dé Luain i ndiaidh do Trinity Boycott, Divestment and ... ar lean » buan-nasc »
Easpa foirne in ospidéil agus an cosc ar earcaíocht is cúis cuid mhaith leis an mífheidhmiúlacht atá sa chóras sláinte, dar le Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann. ... ar lean » buan-nasc »
Dúirt oifigigh pleanála teanga Gaeltachta go neamhbhalbh ag cruinniú de choiste Oireachtais tráthnóna nach bhfuil an córas pleanála teanga ag obair mar gheall ar easpa acmhainní agus tacaíochta ón stát ... ar lean » buan-nasc »
Áirítear anois gur 100 puball atá curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le hais na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath ó thús an deireadh seachtaine seo caite. ... ar lean » buan-nasc »
Tugadh fear 47 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealgani gCo Lú inniu agus é cúisithe in ionsaí a dhéanamh ar thriúr ban ar an mbaile sin Dé hAoine seo caite. ... ar lean » buan-nasc »
Tuairisíctear gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite de bharr a míshásaimh le rún na nIosraelach mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza. ... ar lean » buan-nasc »
Tá triúr a gabhadh maidir le dúnmharú fir óig i mBaile Átha Cliath go moch ar maidin Dé Luain seo caite scaoilte saor ag na Gardaí gan aon chúis a bheith curtha ina leith. ... ar lean » buan-nasc »
Bhí slua mór i láthair ag Féile na Bealtaine i gCorca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine agus b'iomaí iontas a bhí ar chlár na féile. Pictiúir: Manuela Dei Grandi ... ar lean » buan-nasc »