Blaganna Gaeilge

Mo ghearráin iarainn...

14 uair ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Nuair a bhí mé óg, ba rothaí mé. Mheabhraigh alt Fhachtna i Tuairisc sin dom. Is léir áfach go raibh aingeal coimhdeachta éifeachtach agam - ní raibh drochthimpiste riamh agam. Níl fhios agam cathain a thosaigh mé ag rothaíocht, ach bhí mé i mo rotha ... ar lean »   buan-nasc »

An leathanach Bán

2 lá ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Ó tharla go raibh postas le n-íoc ar aon nós agus leabhar Máire Mhac an tSaoi á cheannach agam ó Leabhar Breac, bheartaigh mé an t-úrscéal grafach seo a foilsíodh cúpla bliain ó shin a cheannach chomh maith. Thaithin Corp an Duine Uasail, saothar eil ... ar lean »   buan-nasc »

Cad is pobal áitiúil ann?

3 lá ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Le fiche bliain tá cónaí orm in eastáit tithíochta ar imeall Bhaile an Chinnéidigh. Tháinig muid anseo i dtosach toisc nach raibh ar ár acmhainn tig a cheannach i mBré, áit a raibh muid ag cónaí ar chíos roimhe sin agus mo mhic ar an mbunscoil.Do for ... ar lean »   buan-nasc »

Ag Úirchill an Chreagáin, shiúil mé inniu le bród

4 lá ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Le traidhfil blianta tá baint ag mo nuachar le Ceolfhoireann Traidisiúnta Oirialla. Bíonn na cleachtaí acu maidin Sathairn i mbailte éagsúla ar dhá thaobh an teorainn i gceantar stairiúil Oirialla - an Lú, Muineachán, Ard Mhacha agus an M ... ar lean »   buan-nasc »

Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille

5 lá ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Nuair a chonaic mé tagairt don leabhar seo a bheith foilsithe, ar na meáin shóisialta más buan mo chuimhne, chuir mé fios air ó Leabhar Breac láithreach. Fathach i saol na filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi. Bhí sé de phribhléid agam bhe ... ar lean »   buan-nasc »

Frachtal, athfhilleadh agus mistéir eile.

5 lá ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
I dtús na nóchaidí, nuair a bhí mé ag tosú ar mo ghairm, bhí ríomhairí phearsanta ag tosú ag éirí cumhachtach. Ceann de na cur amú ama a bhí againn san oifig - seachas imirt tetris - ná clár a ríomh tacar mandelbrot. D'fhéadfaí é a mhéadú ... ar lean »   buan-nasc »

Boladh cóid

6 lá ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
               Jan Miense MolenaerDe vijf zintuigen: De reuk (na cúig céadfaí: an boladh) "is eol do chách go bhfuil sé dhá oiread níos deacra clár a dhífabhtú ná é a scríobh. Mar sin, má scríobhann tú chomh glic agus atá ar do chumas, co ... ar lean »   buan-nasc »

Opa agus Opina

1 seachtain ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Scar tuismitheoirí mo nuachair nuair a bhí sí an óg. Tá deirfiúr bliain níos sin aici, agus scaradh na páistí freisin. Mein Erzeuger, an té a ghin mé, a thugann sí ar a hathair bitheolaíochta. Tá caidreamh éigin againn leis, a bhean agus ... ar lean »   buan-nasc »

Cad is gríosú chun fuatha ann?

1 seachtain ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Bhí mír ar Thús Áite inné faoi cosc agus lámh trom péas círéibe Bheirlín ar agóid bheag a bhí á reáchtáil trí Ghaeilge. Ní raibh na péas sásta go mbeadh caint i dteanga nach raibh ar a gcumas tuiscint, chun bheith cinnte nach raibh gríosú ... ar lean »   buan-nasc »

I gceardlann mo sheanathair

1 seachtain ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Múinteoir - ardmháistir scoil Haróid i nDeiliginis ab ea mo sheanathair Diarmuid Ó hAlmhain. Bhí mé trí bliana d'aois nuair a chuaigh sé ar scoir. Ba a tigh a bhain leis an scoil a raibh cónaí air go dtí sin, Tig Mhichíl. Is ann a tógadh ... ar lean »   buan-nasc »