Nuacht Is Déanaí — Déardaoin, 9 Bealtaine 2024

RSS ATOM

Ribíní crochta ag daltaí Gaeltachta do na páistí go léir a m

1 uair ó shin‎ Tuairisc.ie ‎
Feicfidh tú ar an Spidéal faoi láthair beagnach 150 ribín beag i ndathanna na Palaistíne ar ráillí Choláiste Chroí Mhuire i lár an bhaile. Labhair lucht na scoile le Tuairisc faoina ngníomh ómóis ar son na síochána ... ar lean »   buan-nasc »

30,000 iarrthóir tearmainn idirnáisiúnta sa Stát – figiúirí nua

2 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá 30,027 duine ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh nó i lóistín éigeandála le haghaidh iarrthóirí tearmainn, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Lánpháirtíochta. ... ar lean »   buan-nasc »

Imní faoi líon mór dabhach séarachais atá lochtach

2 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá sé ráite i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nach bhfuil cóireáil ná cigireacht cheart á dhéanamh ag údaráis áitiúla ar dhabhcha séarachais agus go bhfuil dochar suntasach á dhéanamh don chomhshaol de bhíthin na faillí sin. ... ar lean »   buan-nasc »

Déanann lucht an tsnagcheoil an bád a luascadh ar Shráid Shi

3 uair ó shin‎ NÓS ‎
“An bhfuil a fhios agat go dtagann an focal ‘jazz’ ón Ghaeilge ‘deas?’”  De réir mar a thuigim, ní thagann, ach seo argóint a bhí againn san oifig an tseachtain seo caite atá fós ag dul ar aghaidh. Fágfaidh muid sin ar l ... ar lean »   buan-nasc »

'Plean soiléir' ag Éirinn an Phalaistín a aithint mar stát

5 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil plean soiléir aige féin agus ag Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez maidir le aitheantas oifigiúil mar stát a thabhairt don Phalaistín. ... ar lean »   buan-nasc »

Pubaill curtha as an tslí, lóistín tugtha d'iarrthóirí tearmainn

8 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag baint fúthu i bpubaill i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionaid chónaithe in Iarthar na Cathrach agus i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae. ... ar lean »   buan-nasc »

Fear sna fichidí maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo Mhuineacháin

8 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Maraíodh fear sna fichidí agus gortaíodh beirt i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo Mhuineacháin go moch ar maidin inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Coimisinéir Teanga sásta faoin méadú ar fhógraíocht i nGaeilge

9 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Léirítear sásamh i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu go bhfuil "méadú suntasach ag teacht ar an bhfógraíocht a dhéanann eagraíochtaí stáit trí Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla". ... ar lean »   buan-nasc »

Ceardlann Cumadóireachta le Máire Zepf

10 uair ó shin‎ Meon Eile ‎

An dlí teanga sáraithe ag An Post agus Comhairle Chontae na

12 uair ó shin‎ Tuairisc.ie ‎
Deir an Coimisinéir Teanga gur léirigh imscrúduithe a rinne a oifig anuraidh gur gá dul i ngleic leis na ‘bearnaí ollmhóra’ i soláthar Gaeilge na seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne ... ar lean »   buan-nasc »