Nuacht RTÉ

Cúig bliana príosúin gearrtha ar gharda slándála le Penneys

2 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá téarma príosúin cúig bliana gearrtha ar gharda slándála a rinne ionsaí gnéasach ar chailín cúig bliana déag tar éis dó bhreith uirthi ag goid earraí smididh agus cumhdach éadain i siopa Penneys ... ar lean »   buan-nasc »

€164 milliún le cur ar fáil le bailte tuaithe a athnuachan

5 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá maoiniú €164 milliún fógartha ag an Rialtas le haghaidh tograí athnuachana agus athbheochana i mbailte tuaithe éagsúla ar fud na tíre. ... ar lean »   buan-nasc »

Duine gafa tar éis do ghluaisteán fear a leagan i nDún na nGall

7 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá fear sna tríochaidí gafa ag na Gardaí tar éis do ghluaisteán fear a leagan agus a ghortú go dona i gCluain Maine i dtuaisceart Chontae Dhún na nGall go moch ar maidin inné. ... ar lean »   buan-nasc »

Gaza: tréine na buamála géaraithe tuilleadh

9 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tuairiscítear go bhfuil tancanna le hArm Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar lár champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza agus go bhfuil siad á gcosaint ag buamaí ó scairdeitleáin agus ag airtléire chúltaca leis an mbealach a réiteach dóibh. ... ar lean »   buan-nasc »

Buachaill sna déaga básaithe i dtubaiste i gCo Chill Dara

9 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Bhásaigh buachaill sna déaga tar éis dó dul i gcontúirt sa Chanáil Mhór i gCo Chill Dara arú inné. ... ar lean »   buan-nasc »

Cead tobac a cheannach le hardú ó 18 go 21 bliain

11 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá an aois ag ar féidir le daoine toitíní agus táirgí eile tobac a cheannach le hardú ó ocht mbliana déag go 21 bliain, de réir reachtaíocht nua atá le moladh don Chomhaireacht an tseachtain seo ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly. ... ar lean »   buan-nasc »

'Sos cogaidh láithreach'-Guterres

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá iarrtha arís ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe,Antonio Guterres go gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm láithreach idir fórsaí Iosrael agus Hamas. ... ar lean »   buan-nasc »

Fiosrúchán dúnmharaithe i gCo.Chill Dara

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag gardaí i gCo.Chill Dara i dtaca le bás fír go moch ar maidin inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

6ú áit d'Éirinn sa Chomórtas Eoraifíse;An Eilvéis buacach

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Ba sa 6ú háit a chríochnaigh Éirinn i gComórtas na hEoraifíse aréir. Bhí ionadaí na hÉireann,Bambie Thug an-mhórálach as an tacaíocht a fuair sí thall i Malmo sa tSualainn ó lucht leanúna na hÉireann. ... ar lean »   buan-nasc »

Na mílte páirteach sa tsiúlóid 'I dtreo an tSóláis'

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Ócáid bhliantúil anois í agus ghlac na mílte páirt arís sa tsiúlóid ar a dtugtar 'I dtreo an tSóláis' (Darkness into Light) le breacadh an lae inniu.Bhí an ócáid ar bun anseo agus i dtíortha eile ar fud an domhain mhóir. ... ar lean »   buan-nasc »